Monday, June 30, 2008

Cairde na Cruite


Bhí mé i gcathair Brugge (Bruges) na Beilge an tseachtain seo chaite. Agus mé ag dul thar an conservatoire chonaic mé an lead seo a chuir Brian Bóramha i gcuimhne dom.

Chuala mé cheana faoi Cruit Bhriain Bóramha agus bhí fhios agam gurbh siombal náisiúnta againn í. Bhí a fhios agam leis nach raibh aon bhaint ag an mBrianach céanna leis an gcruit a ghlach a ainm. Is ón gceathrú céad déag, nó mar sin, a dtáinig an cruit fhéin anuas chugainn. Mar sin féin ba thréan an rud í an tsamhlaíocht agus an íomhá chuí os mo chomhair.


Tá cóipcheart na cruite sin anois ag an Stát agus bíonn sí ar ár gcuid airgid agus ar bhratacha áirithe náisiúnta mar mheirge an Uachtaráin.


Eisceacht thábhachtach isea an cruit ag Uncle Arthur. Ghlac Guinness le seo mar logo in 1862 roimh bhunú an Stáit agus tá a haghaidh ar malart treo le cruit an Stáit.




Bhí mé in Powerscourt le déanaí agus chonaic mé an leagan nua-aimsearach seo. An chliste. Tá uisce ann in áit na gnáth sreanganna agus frithchaitheann sé seo an solas ar dhóigh an taithneamhach.

Is breá an cúpla iad an samhlaíocht agus an teicneolaíocht in éineacht lena chéile.



2 comments:

aonghus said...

Cé hé mo dhuine i Bruggen?

Feictear dom go bhfuil seamair ar an gcláirseach.

Ach is dócha gur Dáibhí Rí atá ann?

Póló said...

Is dóigh liom gurb ea, a Aonghuis.

Seo íomhá níos mó den chruit.
Ní dóigh liom gur seamróg é ach gréas cineálach.
Seo ceann eile ar an dul céanna.