Monday, May 05, 2008

An Gorta Mór ar bhruach na Life

Ní dóigh liom gur gá mórán focal,
cé acu as Gaeilge nó as Béarla,
in éineacht leis na híomhánna cumhachtacha seo.

Dealbhóir: Rowan Gillespie



Cliceáil ar iomhá ar bith le leagan níos mó a fháíl


















I gcuimhne ar íospartaigh an ghorta mhóir
agus a sliocht a rinne an oiread sin
le Ceanada a thógáil.


Jean Chrétien, Príomh Aire Cheanada, 15.6.99




Tá tuilleadh dealbhóireacht sráide anseo agus anseo.

5 comments:

Anonymous said...

An t-aon locht atá ar na deilbh seo ná go bhfuil na daoine i bhfad ró-ard. Bhí na gnáth-dhaoine BEAG an tráth úd. Tá mo dhuine ag déanamh aithris ar Lowry nó Giacometti....

Póló said...

Níl fear is fearr ná an Grádach le barúil a nochtadh ar an ábhar seo.

Is fíor a deir tú faoi'n stair, ach ar a laghad táid tanaí.

Tá siad mealltach freisin don lucht féachana (agus do ghriangrafadóirí amaitéaracha mar mé féin).

Ach is dócha go dtiocfaidh ré an athbhreithiúnachais ealaíne agus is fiú fear fiúntach a bheith chun tosaigh ann.

Anonymous said...

B'fhéidir nár cheart dom a lua go bhfuil íomhá bunaithe ar an saothar seo ar chlúdach leabhair liom: Black '47 and Beyond. N'fheadar bhfuil sé chomh maith le cinn an Chnagaire...

Anonymous said...

Caithfidh mé a admháil nach bhfaca mé féin na deilbh seo (imirceach bocht mé a theith ó ghorta in Éirinn) ach téann siad i bhfeidhm go mór orm agus inseann siad scéal uafásach truamhéileach go maith, beag beann ar an aoirde i gceist.

Póló said...

D'imíodar go mór i bhfeidhm orm féin, mar a d'imigh an t-imirceach úd i gCoillte Mách.