Teach an Asail Asbalda - Aguisín
Tháinigh mé ar an leithreas seo thart ar trí bhliain ó shoin. Thugas cuairt ar an láthair arís an deireadh seachtaine seo chaite.
Cuma anois ar an scéal nach leor iad na brístí chun an fear a chur in iúl. Dá bharr sin tá na focail fir agus mná anois greannta ar na híomhánna.
Ní hionann cás an mhíchumasaigh. N'fheadar an é go raibh an íomhá seo soiléir ann féin nó nach raibh an míchumasach in ann teacht ar an íomhá atá ard go leor ar an bhfalla.
Is dócha go n-oirfeadh na híomhánna seo go mór do lucht leithris Chomhdháil Chorp Chríost a bheidh ar siúl i mBleá Cliath an bhliain seo chugainn.

Labels: Cill Iníon Léinín, comharthaí, eaglais, gaeilge, iec2012, teach an asail


Tuairimí: 1
Ababúna!!
Tá siad ar na comharthaí leithris is maisiúla is is ealaíonta da bhfaca mé riamh.
Fearn
Seol Tuairim
Cláraigh chun na Fothaí a fháil [Atom]
Naisc leis an bpost seo
Nasc leis an bpost seo
<< Abhaile