Friday, September 26, 2008

COMHAR

Athsheoladh Lón Intinne

Athsheoladh COMHAR aréir.

Tá Uaitéar Ó Ciaruáin ina chathaoirleach ar an bhord nua stiúrtha. Thug sé creidiúint d'Fhoras na Gaeilge as an maoiniú méadaithe a chuireadar ar fáil don iris. B'ait an rud é tar éis don Fhoras deireadh a chur leis an deontas don iris an bhliain seo chaite. D'admhaigh sé, áfach, go raibh lochtaí ar an iris, mar abhí sí, ach dúirt, nuair a cuireadh plean gnó nua os a chomhair, go raibh an Foras sásta deontas méadaithe a chur ar fáil. Thug sé ómós do na scríobhnóirí, na heagarthóirí, agus na léithoirí a thacaigh leis an irish thar na blianta.

Agus eagrán Dheireadh Fómhair 2008 den iris aiséirithe á sheoladh aige, mheabhraigh an Dr. Louis de Paor na dúbhshláin abhí fós le sárú ag an iris. Bhí sár-fhoireann agus buan-mhaoiniú anois in áit. Mealladh léitheoirí an céad mhír eile sa scéal. Chuige seo caithfidh COMHAR a chur ina luí ar dhaoine go bhfuil dearca ar leith ag baint leis an iris, nó go bhfuil ábhar ar fáil inti nach bhfuil in aon áit eile. Thraoslaigh sé leis an eagarthóir as an eagrán nua, a chuir tús le ré nua don iris.

Cuireadh fáilte roimh an eagarthóir nua, Aindrias Ó Cathasaigh, a dúirt go raibh sé tábhachtach go mbeadh cnuasach sríobhnóirí urnua óga ag plé le COMHAR agus go raibh fáilte roimh ábhar ón bpobal mór freisin. Bhí cuid maith ábhar faighte aige cheana féin do na heagráin atá le teacht. Thug sé moladh le Mhícheál Ó hUanacháin, abhí mar eagarthóir le roint blianta anuas. Murach é bheadh COMHAR i nguais níos géire ná mar abhí.


Glacadh leis an ócáid seo le h-ómós a chur in iúl do Mhícheál Ó hUanacháin abhí ina eagarthóir le blianta beaga anuas. Choinnigh Micheál an iris ar siúl, le h-ard léibhéal ábhair, ó 2001 i leith, agus tá buíochas mór ag dul dó dá réir.

Ní raibh Micheál pioc sásta leis an mbealach inar cuireadh deireadh obann leis an deontas. Agus níor aontaigh sé gur cóir dul go hiomlán i muinín an mhargaidh maidir le líon na léitheoirí. Dar leis, go n-íoctar deontas d'irisí, nó do thionscnaimh ar bith mar seo, toisc easpa léitheoirí agus mar chúiteamh ar an oibligeáid phoiblí abhíonn mar gheis ar na tograí seo. Ceart aige go bunúsach, ach tá ábhar díospóireachta fós ann maidir le fhorfheidhmiú an phrionsabail galánta seo.

Pé scéal é, bhí oíche bhreá fhónta againn uile, agus tá mé anois ag súil le tuilleadh gaile is gaisce ón iris nua-sheolta seo.

Bíodh a fhios agaibh go bhfuil plé suimiúil san eagrán nua ar chonus is féidir neamhspleáchas irise a ráthú nuair a bhíonn an iris fhéin ag brath ar rialtas na linne.

Agus tá athdhearú suntasach á dhéanamh ar shuíomh ghréasáin na hirise. [Tarlaíonn go bhfuil fadhb ag an suíomh faoi láthair. Súil agam go dtiocfar ar réiteach go luath.]

Go maire sí.

Mar sin, ceannaigh í.

Iarscríobhainn: Tá sé soiléir anois go bhfuil fadhbanna suntasacha ag COMHAR nua cheana féin. Post ag iGaeilge (3/11/2008) anseo agus cur síos fada ar chúrsaí ag Lorraine Nic Eachmharcaigh (30/01/2009) anseo.


Thursday, September 11, 2008

Milleán na Méise



Cé ar a raibh an milleán as toradh an reifrinn ar Chonradh Liospóin. B'shin ceist agam i mo phost díreach i ndiaidh fógairt na dtorthaí.

Tá sé anois soiléir, de réir an suirbhé is déanaí, gurb é an rialtas, agus maithe agus móruaisle an fheachtais i bhfábhar an conartha, atá freagrach as an dtoradh.

Go maithe Dia dóibh é.

Is futhu siúd anois é réiteach na ceiste.


Monday, September 01, 2008

Staid Stádais


D'imigh mé thar oifigí an Choimisiúin Eorpaigh cúpla lá ó shoin. Bhuail an smaoineamh mé narbh ró-oiriúnach í an rogha chló acu don bhfógra thuas.

Níl aon idirdhealú idir an ponc agus an fada os cionn an litir "i" sa chló seo. Níl sé in oiriúint ach do theangacha nach mbíonn "í" (fada) iontu. Measann tú go bhfuil fada ar gach "i" sa chló seo.

Ní go dtí gur thosnaigh mé ar an bpost seo a chur le chéile a thug mé faoi ndeara go raibh litriú an fhocail "ionadaíocht" mícheart fiú. B'fhéidir gur "aoidheach" abhí in aigne an té a scrí.

Stádas ina stad cheana féin?

Fáilte go Liospóin!