Monday, June 02, 2008

Frig ...

Múineadh domsa ar scoil gur labhair an Pápa go do-earráideach nuair a d'fhógair sé faoi chursaí creidimh agus moráltachta, agus nuair a dhearbhaigh sé an fógra a theacht "ex Cathedra".

Ní minic a tharla seo, agus má tharla, is faoi chúrsaí neamh-ábhardha breac-spioradálta a tharla, mar shampla faoi Ghiniúint gan Smál na Maighdine Muire nó faoina Deastógáil ar Neamh.

Mheas mé i gcónaí go raibh sé seo ciallmhar. Ní fhéadfaí iad seo a bhréagnú riamh agus chuir sé blas do-earráideach ar mórán fógra eile agus choinnigh sé deis séantachta i gcónaí dá mba gá a mhalairt a theagasc sa todhchaí.

Mheas mé i gcónaí gur mar seo a bhí i gcás "Humanae Vitae". Ní raibh sé "ex Cathedra" ach bhí blas do-earráide air.

Faighim amach anois go bhfuil dream tábhachtach diagairí ann a mheasann gur "ex Cathedra" a tháínig "Humanae Vitae".

De réir na haragóna seo, bíonn an Pápa ag labhairt "ex Cathedra" nuair a bhíonn críoch aragóna á fhógairt aige i leith cúrsaí creidimh agus moráltachta, fiú nuair nach luaitear an Cathedra.

Ní gá ach oiread gur faoi "Fhoilsiú Dé" ábhar an fhógra. Fad is a bhaineann sé leis an réimse sin fo-fhíricí gur gá iad a chreidiúint chun corpas bhunfhíricí na hEaglaise a chaomhnú, is leor san.

Tá mion chur i láthair na haragóna sin le fáil anseo.

Táim ag tagairt don ábhar seo anois toisc go bhfuil dachad bliain ann ó foilsíodh "Humanae Vitae". Ba cháipéis thábhachtach í do mhórán dem chomhaoisigh, ar chúis nó ar chúis eile, agus ba thrua an ócáid a ligean thart gan tagairt de shaghas éigin a dhéanamh di.

Fáilte roimh tuairimí.

Idir an dá linn, féach anseo.


13 comments:

Anonymous said...

"Ar chúis nó ar chúis eile", a Phóló??

Ha! Nach tusa a gafadh in nDun Laoghaire leis an Chatterley fhéin faoi d'ascaill?

Póló said...

Níorbh ea, a Shíle.

Bhí sí i mo hootcase agam ag an am.

Anonymous said...

Bhfuil tú cinnte gur "t" seachas "r" a bhí i gceist agat ansin?
An bhean bhocht. Caithfidh go raibh sí marbh idir teas agus taisteal agus eagla roimh póilíní, gan trácht ar bhuachaillí dána Choláiste Mhuire.

Póló said...

D'fhéadfaí an dá thráth a fhreastail ach bhí leisc orm an focal "hooter" a úsáid.

Ní raibh aon taithí ag fearaibh óga an Choláiste ar mhnaoí an tráth sin fiú go céilithe fireann amháin i gcroílár Chonamara.

Cuireann an téarma "teas agus taisteal" scéal grinn i gcuimhne dom ach tá sin ag brath ar Bhéarla na Banríona agus tá toirmeasc iomlán ar an tSacsbhéarla anseo.

Anonymous said...

Nílimíd i gcoláiste samhraidh, a Phóil.

Tá mé i mo thig fhéin agus labhróidh mé pé mélange is fearr liom. Is féidir leat mé a deletáil más mian leat. :)

Póló said...

Is fearr liom féin blancmange agus ní dheletáileoidh mé thú choiche. ;)

Póló said...

A Shíle,

Maidir leis an "visual verification": bhí sé de cheart agam a rá go raibh na litreacha ag obair ach go raibh an fhuaim (ar bhrú na cathaoireach rotha) thar a bheith aisteach.

Maidir leis an gcampa samhraidh: mheas mé go raibh tú ag tagairt do na "campaí samhraidh" ag Ógra Éireann ag an am - na Bráithre Críostaí agus na céilithe ag a raibh buachaillí amháin. Ach b'fhéidir gurb é an gaelnazíochas abhi i gceist agat i leith mo thoirmisc ar an mBéarla. Bhí a leithéid i bhfeidhm i gColáiste Mhuire leis, agus an ruaig curtha ar an gcorr dhalta dá bharr.

Anonymous said...

Mheas mé féin go mb'fhearr foto de Carla Bruni a thaispeáint ; bh'fhéidir go ngríosfadh sé níos mó daoine chun tacaíoch a thabhairt do Chonradh Lisbon (an chéad uair eile ??).

Póló said...

A Spailpín, a chara,

Is faoi nochtadh tuairimí agus ní nochtadh ban an blag measúil seo.

Ní chóir smaoineamh ar Charla agus í gléasta fiú. Ábhar peacaidh d'fhearaibh óga na tíre isea a leithéid.

Mo náire thú.

Anonymous said...

Náire dá laghad níl orm a Phóló. Bean deas íontach suimiúil í agus cén náire é a leithéid a rá amach díreach...caithfimid díriú ar na nithe is tabhachtaí sa saol.Níl a fhois agam cé acu an bhfuil sí ag teacht le Sarko nó nach bhfuil....
ach b'fhéidir go gcothódh sí smaointe imeasg mná na h Éireann maidir le monogamy agus a leithéid.
An t-aon locht a fheicimse uirthi ná Sarko féin....conas a fhéadfadh sí ????

Póló said...

Cosúil le Tony Blair i leith George Bush, b'fhéidir go bhfuil sí ar iarraidh a tuairimí féin a chur ina luí ar Sarko.

An "missionary position" gan dabht!

Anonymous said...

Bhí Hillary Clinton ag maíomh as an taithí a bhí aici agus í in iomaíocht le Obama. Is léir go bhfuil taithí thar an gcoitántacht ag Carla (agus an t-airgead freisin ....rud nach bhfuil ag Hillary bhocht i láthair na huaire). Fiú amháin muna bhfuil an taithí sin ag Carla i bpolaitíocht cabhróidh sé le Sarko mar sin féin.Dúirt Avril Doyle MEP le déanaí go raibh amhras uirthi maidir le cuaird Sharko....an mbéadh an t-amhras sin uirthi dá mbéadh Carla in éineacht leis chun é a threorú san slí díreach ?? adúrt go l

Anonymous said...

Leads leads leads ... sibh ag plé Charla agus ag ligint oraibh gur polataíocht atá i gceist. Tsk tsk!

Tá an cuma ar an scéal go bhfuil meas ag 'an spailpín lucso' are Hillary? ('Hillary bhocht' adeir sé). Dar liomsa is Maggie Meiriceánach í -- bean nach bhfuil croí inti. Bean chrua. Ar ndóigh níl an t-uafás eolais againn faoi Obama, ach tá mise 'rootin' ar a shon.