Thursday, December 21, 2017

COMHAR: BULFINS


Cliceáil ar íomhá ar bith le leagan níos mó a fháil

Is tré thimpist a tháinig mé ar uimhir Mhí an Mhárta den Iris COMHAR. Bhíos i láthair ag seoladh uimhir na Nollag den iris nuair a chonaic mé an clúdach thuas.

Aodh Ó Domhnaill?

N'fheadar céard faoi é sin?

Bhuel, bhain sé le dhá alt laistigh den iris.



Mícheál Ó Gruagáin

Aiste staire ag Mícheál Ó Gruagáin ag cur síos ar chaoga bliain d'Aisteoiri Bulfin. D'eascair an complacht aisteoireachta seo as Craobh Bulfin de Chonradh na Gaeilge in 1967. Luann Mícheál breith Thuairisc Taighde Playogaphy na Gaeilge 1975-2009 ar an gcomplacht:
Meastar go bhfuil tábhacht ar leith lena shaothar ina iomláine ó tharla gurb iad Aisteoirí Bulfin an t-aon chompántas amharclannaíochta i mBaile Átha Cliath a bhí ag cur scríobhnóireacht agus léirithe nua as Gaeilge ar fáil ar feadh blianta fada, agus ó tharla go bhfuil an compántas ag leanúint de bheith ag léiriú saothar Gaeilge le breis agus dachad bliain.


Tá sé soiléir ón gcartún thuas gur imíodar go Páras in 1992, ach inste na fírinne ní aithním fiú is aghaidh amháin ann.



Aodh Ó Domhnaill

Tá an cur síos seo san iris féin ar an alt ag Aodh
Faoi mar a thit an drámadóir Aodh Ó Domhnaill ina chodladh agus faoi mar a rinne sé taibhreamh maidir leis an 50ú cruinnniú cinn bliana ag Aisteoirí Bulfin ...

Is fiú go mór é an dá phíosa seo a léamh, go háirithe d'éinne go bhfuil suim acu sa dhrámaíocht Gaeilge.



Mac an Stanley
ó chlé: Sinéad Nic Stiofáin, Míchéal Ó Gruagáin, Lelia Ní Chinnéide

In 2006 d'imíos féin leo go Féile Mühlheim sa Ghearmáin, áit a léiríodar Mac an Stanley. Leagan Gaeilge é seo den Dreigroschenoper (The Threepenny Opera) le Bertolt Brecht ach é lonnaithe i mBleá Cliath. Is Aodh a scrí do 50ú comóradh bás Brecht.

D'imíos mar aoidh ach mar a tharla cuireadh i mbun fuaime mé don dráma. Ach cinnte, is faoi dhianstiúir Mike a bhíos an t-am ar fad.

No comments: