Thursday, April 18, 2013

Dianchosc Dúnta


Tháinig mé ar an gcomhartha seo inniu. Má tá leagan Gaeilge le bheith ann, bíodh sé cruinn.

Cuma air seo gur as Google a tháinig sé. Tugann Google "strictly" mar aistriúchán Béarla ar "dianchosc" cé nach dtugann sé "dianchosc" mar aistriúchán Gaeilge ar "strictly".

Caithfidh gur "strictly forbidden" an ciall abhí leis an bun leagan ónar thóg an t-aistritheoir an téarma.

Tá Google úsáideach mar úirlis, ach é ar bheagán chéille ar rith agus ar bhlas na cainnte.

Agus thairis sin agus uile, bíonn gá i gcónaí le profáil.

Nul points.

3 comments:

aonghus said...

TOITD arís.

B'fhiú duit an mheancóg a chuir ar a súile. Iad ag iarraidh pinginí a shábháil is dócha.

Anonymous said...

Má tá dianchosc ar dhúnadh i gceist, is léir go bhfuil cead ag na Gaeilgeoirí fanacht istigh nuair a chaithfeas na Béarlóirí imeacht!

Réaltán Ní Leannáin said...

dianchosc ar theacht, dianchosc ar imeacht. sin an saol.