Thursday, November 29, 2012

An Prionsa Beag

Tá sé linn faoi dheireadh. Scríobhadh é i 1942, díreach 70 bliain ó shoin. Aistríodh isteach in 250 teanga agus canúint é. Tá díolachán iomlán domhanda 200 miliún cóip air. Agus, buíochas leis an Monsignor Breandán Ó Doibhlin, tá anois i nGaeilge againn.

Agus tá stíl na Gaeilge ann díreach agus simplí, mar atá an Fhraincís sa bhun leagan. Tá an t-eagrán seo anois curtha agam leis na leaganacha eile den scéilín gleoite seo im' bhailiúchán.

Bhí an leabhar ar fáil ón Siopa Leabhar in Uimhir 6, nó ó Hodges Figgis i Sráid Dawson,(déan seiceáil) nó go díreach ón bhfoilsitheoir Read Ireland ar €10 agus is fiú gach phingin é. Deir an foilsitheoir liom nach bhfuil ach beagán cóip fágtha agus nach bhfuil aon athchló i gceist.

Sa ghriangraf thíos tá an Monsignor Breandán Ó Doibhlin in éineacht le mo cholcheathar Mícheál Ó Duibhir, agus Mícheál á intsealbhú mar Chevalier de l'Ordre des Palmes académiques ag Rialtas na Fraince, mí na Nollag 2010.

Griangraf le Ebony & Pearl .

Léarmheas ag Amazon anseo.

3 comments:

aonghus said...

Tá sé ar fáil leis na blianta!
2007 dar le litríocht, ach sílim go raibh sé agam roimhe sin

In am agam é a athléamh ..

Póló said...

Is inniu amháin a tháinig mé air tré thimpist sa bhForas. Tá 2007 ar an leagan seo ach chuile sheans go bhfuil an ceart agat faoin é a bheith ar fáil in leagan éigin eile roimhe sin.

Pé scéal é, leabhar iontach isea é agus is fiú an t-athléamh.

Scéal do lucht na linne seo, cinnte.

Póló said...

Leagan nua Gaeilge ar fáil (2015) aistrithe ag Eoghan Mac Giolla Bhríde.

Níl sé léite fós agam ach deir an t-aistritheoir gur aistriúchán Ultach é seo leis.