Saturday, June 09, 2012

Euro 2012


Seo leasmuigh d'árasán i gCill Easra, BÁC 5.

Léiríonn sé go bhfuilimíd fós inár bpobal ilnáisíúnta ainneoin an slad a rinneadh ar mhuintir agus ar gheilleagar na tíre.

N'fheadar an bhfuiltear ag súil le haon cluiche idir Éire agus An Pholainn sa chomórtas seo?

Bígí ar bhur n-aire.


3 comments:

John said...

Tá mo thricolour crochta go hard agam anseo i gCaerdydd. Éire abú!!

Póló said...

@John

Chwarae Teg.

Tá dhá bhrat Éireannach taobh thiar den cheann Polannach sa phictiúr.

Súil agam go bhfuil tú ag baint sult as an Bhreatain Bheag.

.

Fearn said...

"pobal ilnáisíúnta" nó náisiún ilphobal ?

An síleann tú nach bhfuil ach aon phobal amháin in Éirinn? Tuige nár chuireadh an Poblachtach agus an tAontachtaí ar an eolas riamh?