Wednesday, May 16, 2012

Cuimhnigh ar Luimneach ...


Is cuimhin liom go maith ón scoil é.

Cuimhnigh ar Luimneach agus feall na Sasanach!

Mana spreagúil an náisiúnachais.

Diúltach.

Cuir an milleán ar fad ar na Sasanaigh. Bhuel, ní féidir an milleán a chur ortha as staid na tíre sa lá atá inniu ann.

Tá cuid mhaith den locht orainn féin sa chás seo, geall leis an iomlán b'fhéidir.

Ag tús an fichiú chéad, chreid roinnt mhaith daoine go mbeadh deireadh leis an striapachas le teacht na Saoirse. Ní hamhlaidh a tharla.

Agus flaitheas géillte.

Agus comharthaí agus cuimhneacháin na bhflaitheas gan a gcothabháil.


Mór mo náir:
Mo chlann féin a dhíol a mathair.




1 comment:

Anonymous said...

Is maith liom an chéad íomhá agat: fógraíocht beorach os cionn siombal stractha an náisiúin.



Fearn