Sunday, February 12, 2012

Mise Éire


D'fhreastail mé ar reamhbhreathnú stairiúil san IFI inniu.

Bhí sé stairiúil sa mhéid is gur bhain sé le stair na tíre, stair scannánaíochta ach go háirithe, agus bhí sé stairiúil sa mhéid is gur cuid den stair féin an clár abhí faoi chaibidil.

Lorg na gCos: Súil Siar ar Mise Éire le Midas Productions. Clár ómóis, ní hamháin don scannán Mise Éire féin, ach do George Morrison (thuas) a ghin agus a rinne an scannán seo i 1959 le mórthacaíocht Ghael Linn ag an am.


Tá moladh thar chuimse ag dul don fhoireann a rinne an clár. Súil agam go gcraolfar go luath é ar TG4 agus go mbeidh sé ar fáil ins na siopaí agus ins na scoileanna ar fud na tíre.

Colm Bairéad (thuas) abhí mar stiurthóir, agus éacht déanta aige féin agus an léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi (thíos).


Bhí páirt beag (bit part) agam féin sa chlár, mar a fheicfidh sibh anseo.

Aoi-phost ar Blackwatertown anseo

Agus sliocht as an gclár a bhaineann le mo rangsa sa Choláiste anseo.


5 comments:

Anonymous said...

Ce he an fear og sa chota baisti leis na speaclai?

An Gradach

Póló said...

@Grádach

Oisín i ndiaidh na Féinne, measaim.

Nó deartháir le Dorian Gray b'fhéidir.

:)

Póló said...

Deir Cleona liom go bhfuil craoladh an chláir seo curtha siar go dtí thart ar an Nollaig.

Is trua seo.

Sárchlár ar fad isea é.

Póló said...

Tá sé anois le craoladh ar 28/12/2012 (anocht!) ag 8.30pm ar TG4.

Bainigí sult as.

Póló said...

Tuilleadh eolais (go 12/5/2013) anseo