Thursday, August 18, 2011

Willie Bocht









Aguisín


Bhíos sa stáisiún arís inniu agus thugas an ceann seo fá ndeara. An uimhir uatha céanna sa chló mór, ach ...


... an leagan ceart sa phictiúr,


Agus an ceann seo, ina bhfuil an dá leagan in aice a chéile. Ceann amháin sa phictiúr agus an ceann eile ar an ghnáthfhógra stáisiúin.




Aguisín

Tús Maith, Leath na hOibre


Jab déanta. An ceannteideal san iolra. Ach, féach faoin bpictiúr - mionteideal fós san uatha. Agus mar sin ar fud an stáisiúin.


Clúdach ceartaithe os cionn an leagan mí-cheart i gcás na mórtheidil.


Ach, féach ar bharr an staighre. Easba dréimire b'fhéidir?


Anois, an leath eile, le bhur dtoil.



Aguisín




Tá teora leis an bhfoigne, muis.



Aguisín



Thángthas ar dhréimire faoi dheireadh!

Anois na Piarsaigh bheaga, le bhur dtoil
.




Aguisín



Agus an ceann thuas á athchóiriú acu, ghlacadar leis an deis an athchóiriú lochtach ag bun an staighre a dheisiú.

Ach níl aon athrú fós ar na Piarsaigh bheaga.
.



11 comments:

aonghus said...

Bhí an débhrí sin riamh ann, cé acu duine nó beirt Piarsach atá i gceist. Bhfuil fógra áit éigin maidir leis an ainm? B'fhiú labhairt le Iarnród Éireann faoi.

Póló said...

@aonghus

Stáisiún na bPiarsach atá ar an gcomhartha oifigiúil. Níl aon débhríochas ag baint le sin.

"Athainmníodh stáisiún iarnróid na bPiarsach i Rae an Iarthair i ndiaidh an bheirt dearthár in 1966."
Roinn an Taoisigh

Is le Pádraig amháin an tsráid.


aonghus said...

Litir chucu mar sin!

Póló said...

Tweetlitir seolta.


Mícheál said...

Tá an scéal seo casta go leor, ach bhí sé de cheart at Iarnród Éireann an t-ainm a mhíniú don aistritheoir.

Léiríonn an eachtra seo cé chomh beag is atá an teanga i mbéal na ndaoine. Dá mba as Béarla a bhí an botún bheadh sé tugtha faoi ndeara in am.

aonghus said...

Níl freagra seolta ach neachtar acu - an oifigeach Gaeilge ná info@ chugam fós.

Meas tú bhfuil siad ag fanacht go mbeidh an rud ar fad ina cheart?

Póló said...

@aonghus

N'fheadar an mbeidh sé ina cheart choíche.

Beidh an stáisiún athchóirithe faoin am san.

Freagra ar bith faighte agamsa ach oiread.

Póló said...

23 Nollaig 2011

An cló beag fós gan cheartú.


Anonymous said...

Na Piarsaigh bheaga - séimhiú!

Póló said...

@anonymous

Oops! Míle buíochas. Ceartaithe. Gurb amhlaidh d'fhógra an Iarnróid san athbhliain.


Póló said...

Seo freagra a fuaireas ón gCoimisinéir Teanga inné:

______________________________

"G2820/2012

Pól, a chara,

Tagraím do na gearáin uait maidir le comharthaí de chuid Iarnród Éireann i dtaca le 'múchtóir tine' atá in airde ar an Dart nach bhfuil ach roinnt den téacs aistrithe go Gaeilge agus comharthaí in airde i Stáisiúin na bPiarsach ar a bhfuil ainm an stáisiúin míchruinn.

Mar is eol duit, d'fhiosraíomar an cheist le hIarnród Éireann agus tá freagra faighte againn uatha anois ag deimhniú go bhfuil an comharthaíocht ghlas i Stáisiúin na bPiarsach bainte anuas agus comhartha an mhúchtóra dóiteáin athraithe.

Go raibh maith agat as aird na hOifige a tharraingt ar na ceisteanna seo.

Le dea-mhéin

Deirdre Nic Dhonncha

Oifigeach Cléireachais
Oifig an Choimisinéara Teanga
An Spidéal
Co. na Gaillimhe
Fón: 091-504 006"
___________________________

Creidim go bhfeicim.

Bead fán gCathair go luath agus déanfad an scéal a scrúdú ar an láthair.