Wednesday, May 25, 2011

Sráid Phádraig Naomhtha

Cliceáil le híomhá níos mó a fháil

Tá sé deas leagan éagsúil a fheiscint ó am go ham.

Níl aon rud cearr leis an mbunfhógra, ach ní fhaca lucht a athphéinteála ceann ar bith de na trí bhuailtí agus d'fhágadar gan péint iad.

Sráid Phádraig i gCathair Chorcaí atá i gceist.

Tá na buailtí péinteálta sa cheann thíos cé nach ionann an leagan Corcaíoch agus an leagan Bleá Chiathach den ainm sráide seo.

Cliceáil le híomhá níos mó a fháil



2 comments:

Séamas Poncán said...

Ní shéimhitear 'Pádraig' más ainm an Naoimh atá i gceist - Lá 'le Pádraig, mar shampla. Dhá bhuailte dubha, mar sin.

Póló said...

Sin dhá cheann le péinteáil ach tá trí chinn ar an gcomhartha féin.