Wednesday, October 20, 2010

Éire náirithe


Fé mar a rinne mé anuraidh, bhreathnaigh me siar i mbliana ar líon na mblag as Éirinn a ghlac páirt in Lá Gníomhaíochta Blag. Ní raibh ann ach 18, agus ba uaimse dhá cheann díobh sin. Titim mhór é sin ar 46 na bliana seo chaite.

Seo an liosta:

A Slice of Hope
Working In My Nightie
An Cnagaire
Damien Gallagher's Posterous
Oxfam Ireland
Blather
junaiths
joyous flowers
Clare Herbert
Water: Blog Action Day 2010
Eco Bulbz
A Year in Redwood
Spiderworking.com's Social Media Blog
by the river barrow
photopol
Trocaire Blogs - Working for a Just World
St Wolstans TY
Cthulhu and Cheese

N'fheadar mé cad is cúis leis an titim seo: gan taithí againn ar ghantannas uisce; cuma linn cur amú uisce; tuiscint ar bith againn ar na cogaí domhanda faoi chúrsaí uisce atá le teacht; báidh ar bith againn leo siúd atá ar an drochshláinte agus atá ag fáil bháis cheal uisce glan?

9 comments:

aonghus said...

I mó chásanna: amhras faoi fiúntas a leithéidí de ghníomhaíocht gan chostas.

aonghus said...

recté: I mo chás-sa

Póló said...

@Aonghus

Lán cheart agat an tuairim sin a bheith agat.

Ach céard faoi'n gcoitiantacht?

Easpa suime déarfainn.

Dubhaltach said...

Cad a dhéantar chun gníomh a thaispeáint?

Néidí said...

ceist chéanna agamsa le Dubhaltach.
agus conas a tháinig tú ar an eolas faoi?

Póló said...

@Dubhaltach

Dár liom féin gur fiú eolas a scaipeadh faoin gcruachás ina bhfuil daoine agus faoin teora a bhaineann le hacmhainní nádúrtha ach go háirithe.

Is dóigh liom gur fiú an achainí a shíneadh le tacaiocht a léiriú d'iarrachtaí na Náisiúin Aontaithe tosach a thabhairt do sholáthar uisce glan mar cheann de spriocanna na Míolaoise.

B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr do dhuine páirt a ghlacadh in obair dheonach thar leár, nó fiú uisce a chaomhnú ina theach féin.

Tá súil agam go gcuireann na blaganna agus na fógraí ar ár n-aire sinn i leith a leithéidí.

@grá faoi ghruaim

Is trua liom do chás. Ach is dóigh liom gur féidir gníomhartha fiúntacha a dhéanamh ar-líne, mar is léir on méid a dúras thuas. Coinnigh leat.

Ní cuimhin liom conus mar ar tháinig mé ar an Lá Gníomhaíochta Blag ar dtús. Tá mé páirteach ann le cúpla bliain anuas.

Go raibh maith agaibh uilig as na tuairimí thuas.

Mise Áine said...

Ní raibh mé ar an eolas faoi, agus ní fhaca mé do bhlagmhír in am.

Póló said...

@Mise Áine

An bhliain seo chugainn b'fhéidir?

Tugaim faoi deara go bhfuil an ócáid seo ag dul i léig: 5,696 blagadóir i mbliana i gcomparáid le 20,603 i 2007).

aonghus said...

Má thugann tú rabhadh seachtaine dúinn, cá bhfios!