Friday, September 04, 2009

Couscous à la Parisienne



Leabhar beag gleoite é seo ó Aodh Ó Domhnaill agus Coiscéim. Seo an chéad leabhar ag Aodh do dhéagóirí óga. Suite i bPáras na Fraince, is cur síos é ar choimhlint chruthaitheach idir Monsieur Doló agus Séimí Francach, iad araon ag scrí leabhar faoina chéile.

Tá Doló ag súil carn airgid a ghnóthú as an leabhar faoi Shéimí, agus ar an mbealach seo, díoltas a bhaint amach as loit na leabhar luachmhar aige a bhíonn á gcogaint ag Séimí. Agus tá Séimí ag iarraidh cor éigin spéisiúil a chur i saol leamh ciúin Doló. Ach tuigeann tú, de réir mar a théann na scéalta seo ar aghaidh, go bhfuil an dá leabhar, móide an dá shaol, ag druidim le chéile.

Agus na carachtéir eile. Buaileann muid le Fransaí, searc Shéimí, ó mhuintir na bhfrancach faoi thalamh; le Pluba, ceannaire na bhfrancach céanna atá sa tóir ar Shéimí mar sholáthar bia dá chomhluadar; leis an bhFear Mór Gorm, SeaicA; le Mickey/Minnie Mouse; agus le hAhmed bin Ahmed, bainisteoir an Chaifé Couscous béal dorais.

Feicimíd go bhfuil níos mó ná francaigh faoi thalamh i gceist. Tá fíor uisce faoi thalamh sa scéal seo maraon le huisce truaillaithe.

Tá an stíl scríobhnóireachta díreach, simplí agus saibhir. Tá na léaráidí mothaitheach tarraingteach. Agus tá ardchaighdeán ar an leabhar féin, mar a bheifeá ag súil leis ó Choiscéim.

Ní fúmsa é deireadh an scéil a nochtadh, ach bheinn ag tnúth le mír eile as saol Doló, Séimí agus Fransaí ón údar amach anseo.





1 comment:

Póló said...

Is féidir an leabhar seo a cheannach ar líne ó Litríocht ar €7.50.