Friday, August 28, 2009

Gúgal Google





Tá Google anois in ann aistriúchán a dhéanamh go Gaeilge agus ón Ghaeilge amach. Tá mórfháilte le cur roimh an áis seo, ach, innste na fírinne, is leagan Beta fós atá ann. Tig leat an dá bhealach seo, breathnú ar shuíomh baile Google féin, a chur i gcomparáid:

Seo é Google.ie as béarla:



Seo é an t-aistriúchán ón úirlis nua:



Seo é Google nuair a roghnaíonn tú an leagan Gaeilge:



Seachas cúrsaí gramadaí, bíonn deacrachtaí ag baint le cora cainte agus le húsáid agus litriú neamh-chaigdeánach. Tiocfaidh feabhas ar na gnéithe seo le himeacht ama. Idir an dá linn, tugann an t-aistriúchán bunchiall an ábhair duit agus tá seo le moladh.

Míbhuntáiste (beag?) a thagann chugam. An mbeidh brú anois ar lucht ghreasán na Gaeilge cloí go docht le leaganacha caighdeánacha den uile ní.

Ba thrua mhór é dá mbeadh.

Bhí lán ár ndóthain den chineál seo ruda againn le litreoirí Meiriceánacha Microsoft.


2 comments:

aonghus said...

Ní gá duit géilleadh don mbrú!
Níl Béarla na linne seo ar líne caighdeánach.

Is maith liom gur féidir tiontú leasaithe a mholadh - glacaim leis go bhfuil an córas in inmhe foghlaim.

Níl sé pioc níos measa ná a mhacasamhail do theangacha eile, feictear dom.

Póló said...



@aongus

Níl sé ar intinn agam géilleadh don bhrú céanna. Ach táid ann a ghéilleadh ar mhaithe le scaipeadh a gcuid tuairimí.

Maidir le caighdeánachas an bhéarla, ar líne nó as, tuigim san, ach tá sé forleathan cheana féin agus é ina bhunleagan do gach saghas ruda.