Tuesday, November 11, 2008

An Chailleach Dhearg



Chaith mé Poppy istigh sa Chlub (Uimh.6) ar an Satharn.

Tá mé fós beo.

Éire Nua!


8 comments:

Anonymous said...

Fhad is nár chaith thú Puppy (Uimh.6) isteach sa Chlub ar an Satharn.

Póló said...

A Fhearn, a chara,

Caithfidh mé a admháil go bhfuil gá le rud éigin beo beathach a chaitheamh isteach sa chlub céanna.

Tá sé thar a bheith marbhánta i láthair na huaire.

Póló said...

Tá alt an-mhaith ag Seán Ó hÉalaí ar fhuadach comharthaí anseo.

aonghus said...

Feicim gur gormán atá ag muintir na Fraince. Bláth eile atá anois ag fás i measc an chruineacht ar ghort an áir.

Is trua nach bhfuil siombal ann nach bhfuil gafa ag lucht an "Gloire Militaire" chun cuimhnimh ar an meilt beatha a bhí sa chogadh Mór

Póló said...

Dealraíonn sé go bhfuil cailleach bhán ann freisin. Féach anseo.

aonghus said...

Nasc níos fearr anseo

Póló said...

A Aonghuis,

Tá an nasc sin agat cheana féin laistigh den cheann agam thuas.

Mheas mé an nasc a dhíriú ar fhóram Bhéal Átha na Slua toisc go bhfuil díospóireacht suimiúil ar an gcailleach ar an snáithe sin.

aonghus said...

Is fíor dhuit.