Wednesday, July 30, 2008

Ná caith tobac


Tá oibilisc bheag ar bharr chnoc Chill Iníon Léinín maraon leis an bpríomh oibilisc agus an leac mhéine.

Tógadh an phríomhoibilisc in 1742 le fostaíocht a sholáthar do na boicht i rith na drochbhliana sin. Rinneadh í a athnuachaint in 1840, b'fhéidir ar an fath céanna. Tógadh an leac méine in 1852.

Ní fios cathain nó cén fath ar tógadh an oibilisc bheag, nó ar baineadh aon úsáid ar leith aisti. Is ceann de bhailiúchán WL Lawrence an grianghraf thuas. Measaim gur roimh 1882 a tógadh é.

Tá dhá fhógra ar an oibilisc bheag sa ghrianghraf. Iarann an ceann amháin ar chuairteoirí aire a thabhairt don láthair atá ann chun go mbainfaidís féin sólás as. Cuireann an ceann eile dianthoirmeasc ar chaitheamh tobac.

Tá sé soiléir uaidh seo go raibh eagla ar an Uasal Warren, arbh leis an cnoc ag an am sin, go raibh baol ann go gcuirfí tré thine é le caitheamh míchúramach toitíní.

Ghlac Comhairle Ceantair Baile Chill Iníon Léinín agus an Bhaile Bhric seilbh ar an gcnoc sa bhliain 1891 agus fiche bliain ina dhiaidh sin chruthaíodar go raibh an ceart aige.

Thug an Rí Seoirse V cuairt ar Éireann i mí Iúil 1911. D'eagraigh an Chomhairle Ceantair Baile taispeántas tinte ealaíne ar bharr chnoc Chill Iníon Léinín in onóir na cuairte. Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtí thart ar mhéanóiche. Bhí an taispeántas lán críochnaithe nuair a phléasc roint tinte ealaíne a thit chun talaimh i measc an fhásra níos luaithe san oíche agus d'imigh barr an chnoic go hiomlán tré thine.

Ba mhó go mór an taispeántas seo thar mar abhí beartaithe.



Thug me cuairt ar an áit le déanaí agus cé go bhfuil an rabhadh imithe, tá radharc deas fós ar an gcuan.

Agus muid ag caint faoi dhó, áfach, nach trua go bhfuil an plainéad féin á dhó againn agus sinn ag caitheamh breosla neamh-inathnuaite ar nós na gaoithe.   ;-)


3 comments:

Anonymous said...

"dianthoirmeasc ar chaitheamh tobac"

Bhuel now, bhíodar 'ahead of their time'. Táim ag samhlú mé fhéin ag suí ansin agus gan cead agam mo phíopa a lasadh. :)

Anonymous said...

Bhí sé dona go leor gan bheith in ann Marlboro a chaitheamh i mBewley's.

Póló said...

Síle: Ba ghleoite an radharc é agus tú ag pufáil do dhúidín faoi scáth na hoibilisce.

Anon: Ach is deas an rud é go bhfuil an Bewley's céanna fós ann.