Friday, July 18, 2008

La Poupée qui Fait Non!


C'est une poupée qui fait non, non, non, non
Toute la journée elle fait non, non, non, non
Personne ne lui a jamais appris
Qu'on pouvait dire oui

Focail an chéad diosca ag Michel Polnareff i 1966.

Chan an Polnareff céanna ag ceolchoirm ollmhór ar an Champ de Mars, i bPáras na Fraince, ar an 14ú Iúil 2007, in onóir Uachtaráin nua na Fraince, Nicolas Sarkozy.

Tá an t-Uachtarán céanna, atá faoi láthair ina Chathaoirleach ar Chomhairle an AE, ag teacht go hÉirinn chun béasa na Fraince, agus an AE, b'fhéidir, a chur ar mhuintir na hÉireann.

Roimh an reifreann, bhagair Aire Gnóthaí Eachtreacha na Fraince díoltas ar mhuintir na hÉireann dá gcaithfeadh siad vóta diúltach. Anois tá Uachtarán na Fraince ag "ordú" dúinn an reifreann a rith athuair agus vóta deimhneach a chaitheamh, nó ... !

Ach fan neomat. Bhíothas ag súil le ruathar na Fraince cheana féin, thart ar 1804 nó mar sin, agus rinneadh mórullmhúcháin fána choinne. Tógadh Túir Martello thart ar chósta na hÉireann, agus go háirithe i gCuan Átha Cliath, agus laistigh de sin i mBá Chill Iníon Léinín.


Bhuel. Tá athchóiriú curtha ar cheann de na Túir seo le déanaí. N'fheadar an rabhthas ag súil le hionradh nua seo na Fraince. Pé scéal é, is obair éachtach í a cuireadh i gcrích thar cúpla bliain. Níall Ua Donnchadha is cúis leis. Ba leis siúd an smaoineamh agus is eisean a mhaoinigh an tionscnamh agus a chuir i gcrích é.


Seoladh é ar an 12ú Iúil 2008 ag searmanas ildaite glórach i gCill Iníon Léinín ar a bhfuil cuntas níos iomláine le fáil anseo. Bainigí taithneamh as na pictiúir, agus ná bac leis an gcladhaire thíos.


Críochnóidh mé le focail Michel Polnareff ag deireadh na hócáide thuas:

Alors, monsieur le Président je vous dis merde et on ira tous au paradis.

Díreach é a Mhichíl!






3 comments:

Anonymous said...

Bhí céad-cheirnín Pholnareff agam tráth, agus taréis do theachtaireacht a léamh, nár chuartaíos an t-amhrán ar Youtube. Tá sé ann, gan dabht.

Anonymous said...

Tá an blag seo thar chinn...puppet on a string is ea é Sarko...athraíonn sé tuairimí polaitíochta mar a athraíonn sé mná chéile...nó mar a athraíonn siad siúd nuair a thagann ciall chucu.

Níl bun ná bárr le na thuairimí maidir leis an gceist seo...eagla air reifreann a chur ar siúl sa BhFRainc mar tá fhios aige go gcaillfeadh sé é.
De réir scéaltaí tá Ambassáid na Fraince i mBÁC trí na chéile maidir i gcóimhthéacs thuras Sarko...tá de cháil air siúd go gcaitheann sé an milleán ar na "minions" má bhíonn trioblóid ann.

Póló said...

Níl aon amhras faoi. Bhí an deabhal ambasáid go mór trína céile, fiú agus é imithe abhaile.

Féach anseo