Monday, June 30, 2008

Teach an Asail Asbalda

Scríobh mé faoi chúrsaí leithris in áit eile agus faoi chomharthaí a bheith as alt, mí-chuí agus neamh-ghramadúil.

Ach thaithn na comharthaí seo liom ar an leithreas san ionad páirceála i gCill Iníon Léinín in aice leis an sean eaglais (6ú céad).







Comhgháirdeas ó chroí le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a léirigh féith an ghrinn agus tuiscint ar an oidhreacht san aon áit chuí amháin!


Aguisín





5 comments:

aonghus said...

Tá siad go deas, gan amhras.

Póló said...

Deir Comhairle Contae Dhún Laoghaire (etc.) liom gurbh í Imogen Stuart a dhearaigh na pictiúirí deasa seo.

Póló said...

Tá breis eolais le fáil anseo. Tá na pictiúirí in easnamh faoi láthair ach deirtear liom go mbeidh siad ar ais amach anseo.

Póló said...

Tá an t-alt iomlán leis na pictiúirí anois le fáil anseo agus leathanach agam féin ar shéipéal San Stiofáin i gCill Iníon Léinín anseo

Póló said...

Tá an t-alt i Studies faoi Imogen Stuart sa nasc thuas imithe as radharc de bharr athchóiriú suíomh Studies. Tá mé ar a thóir sa leagan amach nua ansin.

Is dona liom an briseadh seo :)