Monday, June 30, 2008

Pluais Dhecco


Thugas cuaird ar Chill Iníon Léinín thar an deireadh seachtaine le Pluais Dhecco a iniúchadh fá choinne léacht staire sa bhFómhar. Deirtear go bhfuair an phluais an t-ainm seo ó Iodálach a bhi ina chónaí ann tráth.

Bealach isteach chuig mianach luaidhe abhí ann thart ar 1751. Chuirtí an luaidhe ar bord bháirse ar an láthair len í a easportáil go Sasana. Ní ró fhada a mhair an mianach ag obair áfach.


Mheas mé fhéin nach mbeadh an phluais ann a thuilleadh. Bhínn féin ag súgradh ann agus mé óg agus bhí seomra ollmhór ann, ar cúl phasáiste cúng íseal, a bhí thar a bheith dáinséarach.

Ach bhí an phluais fós ann agus í lán oscailte.


Seo thíos an pásáiste cúng íseal agus é fós ar oscailt.


Léas le déanaí go raibh an phluais druidte ach tá mé ag ceapadh gurbh tagairt é seo don phríomh bhealach isteach agus bhí sé seo druidte cheana féin agus mé ag súgradh ann ins na naoi déag caogaidí. Tá an dá bhealach isteach le feiceál sa phictiúr thíos, an pasáiste ar clé agus an príomhbhealach druidte ar dheis.



Dála an scéil, léas gurbh ionad dídine í an phluais seo do Molloy abhí ina charachtar i scéalta Samuel Beckett.

[Uasdátú 23/4/2016: Ach bhíos ag caint le déanaí le saineolaí ar shaothar Beckett agus dealraíonn sé nach bhfuil seo fíor agus gur dóichí gur i bhfad níos fuide ó dheas abhí an phluais a luaitear sa scéal san.]






Ach níorbh é seo an príomh ionad luaidhe sa cheantar. Bhíodh mianach agus bruithneoir i mBaile Mhic Fheorais (Ballycorus) i lár an naoú céad déag. Seans go n-aithneodh duine an simléar (thuas) a bhain leis an bhruithneoir seo ar shliabh Katty Gollagher, 900 troigh os cionn na farraige.

Tá mion cur síos ar an mhianach agus ar an bhruithneoir seo ag Sir Robert Kane ina leabhar The Industrial Resources of Ireland (1845).


Bhínn féin ag súgradh anseo leis agus seo (thuas) griangraf a thógas ó bharr an staighre agus mé ag breathnú anuas ar chara liom ar an dtalamh thíos.

Féach an aguisín chun an scéal a chríochnú.


Tá leagan Béarla le fáil anseo. There is an English language version of this post here.


1 comment:

aonghus said...

Bhíos fhéin go minic ar Charraig Uallacháin - ach ní dóigh liom go rachainn suas an staighre úd anois.