Thursday, June 12, 2008

Ar Faosamh na Faoistine


Bím ag coinneáil súil ar Clerical Whispers ó am go ham. Blag é seo ag sagart Éireannach Caitiliceach a nochtann an nuacht is déanaí "ón dtaobh istigh".

Baineann ceann de na postanna is déanaí aige le cúpla a bhí i mbun comhriachtana sa bhosca faoistine i séipéal san Íodáil, agus seo le linn don Aifreann a bheith ar siúl leasmuigh.

Is cosúil gur óladar iomarca an oíche roimh ré agus go rabhadar fós faoi anál an bhiotálaigh an mhaidin dár gcionn. Tá leithscéal gafa anois acu agus chuile shórt ina cheart, de réir dealraimh.

Cur i láthair nua ar fad é seo ar fhaoiseamh na faoistine. Tá súil agam go raibh coisgíní in úsáid acu (bhuel, ba leor ceann amháin, is dócha).

Ní haon ghiniúint gan smál a fhéadfadh a theacht as a leithéid ina n-éagmais siúd.


4 comments:

Anonymous said...

God bless us and save us .... b'fhéidir gur chóir blagáil faoin aimsir srl ar feadh tamaillín, a chnagaire, agus gan a bheith cunspóideach.

Nó an é go bhfuil tú ag lorg díospóireachta? (Má's ea, fire away ... !)

Anonymous said...

Shucks, a Mháire Uí, is breá ar fad é an Béarla agat.

Chuala mise gur aindiachaithe abhí iontu. Má's ea, bfhéidir gur bhaineadar míthuiscint as an riail faoi rúndacht na faoistine. :)

Anonymous said...

Dála an scéil: ni cuimhin liom an riail faoi dhúnmharú. An raibh cead ag sagart dúnmharú a choinneáil faoi rún dá n-admhófaí ceann do? (Nó "an bhfuil" cead aige, is dócha gur cóir dom a rá ... ní thugaim morán áird orthu le fada ...)

Póló said...

A Shíle,

Is dóigh liom go mbrathann sé ar an dtír maidir leis an reachtaíocht coiriúil. I gcás an dlí canónta ní dóigh liom go mbíonn sé riamh ceadaithe an rún a scaoileadh.

N'fheadar bhfuil aon saineolaí sa timpeall a thiocfadh i gcabhair orainn ar an ábhar rí-chasta seo?