Sunday, May 04, 2008

Tadhg a' dá Thaobh

Tá mé go tréan ar thóir stair mo mhuintire le cúpla bliain anuas. Níl aon teora leis an méid stuife rí-shuimiúil a bhfuil mé ag teacht air. Ach i rith an ama seo bhí mé ag éirí imníoch faoi ghné amháin de shaol mo mhuintire.

D'imigh cuid díobh isteach in arm na Breataine, ar chúis nó ar chúis eile.

Thuigfinn do Thomas Mortimer. Níorbh Éireannach é. Agus fuair sé bás amuigh san Ind ag iarrai comrádaí a shábhailt óna bheith báite.

Bhí John P Dwyer, uncail liom as Béal Átha hAmhnais, ag obair sa Stát Seirbhís i Londain nuair a thosnaigh an céad cogadh domhanda (nó damanta, más mian leat). Cuile sheans gur choinscríobhadh é. Pé scéal é, fuair sé bás in aisce nuair a rinne an t-arm cac mada d'ionsaí ar High Wood ar an Somme i 1916.


Ba thruamhéalach é cás John Burgess. Inscríobhadh san arm é i dteach tábhairne i mBleá Cliath in 1915 agus d'fhág sé bean chéile, abhí ag iompar clainne, agus beirt páiste sa chathair. D'fhág sé gnó a athar (gréasaí) gan oidhre leis. Goineadh sa chogadh é agus nuair a d'fhill sé ar Bhleá Cliath bhí sé dífhostaithe ar feadh tamaill go bhfuair sé obair shealadach mar ghréasaí, agus ina dhiaidh sin mar chléireach sa Chomhlacht Gháis agus sa Chomhairle Cathrach.

Agus bhí mo shean athair, Patrick Mortimer, ag obair d'arm na Breataine sa bhialann i mBearaic Richmond nuair a fuarthas báite é ag Cé Eden i 1918.

Agus an RIC.

Bhí mo shin shean athair, Luke Reilly, san RIC agus mo shean athair, Michael Dwyer, fosta. In 1922, cé go raibh Michael ar scor le deich mblian anuas, níor luadh a ainm i bhfógra bháis a mhic, Paddy Dwyer, mar go raibh fiú iarbhaill den RIC á lámhach ag an am i mBéal Átha hAmhnais, áit a raibh cónaí air, agus i mBéal Átha na Slua, áit a bhfuair a mhac bás. Bhi beirt eile, gurbh muintir liom iad trín bpósadh, san RIC leis.

B'shin triúr in arm na Breataine agus ceathrar san RIC.

Agus préamh poblachtánach ar bith le feiceáil. Mhothaigh mé go rabhthas um shá isteach i gcúinne chuimhthíoch.


Is ag an bpoinnte seo, a bhuíochas le Dia na Glóire, gur tháinig mé ar na Medlars.

Phós PJ deirfiúr mo shean mháthair. B'as Co. Chille Choinnigh dóibh (Paulstown). Má bhi clann ann ariamh a chloígh go docht daingean leis an bPoblachtánachas, b'iad seo iad.

Larry, a daoradh chun báis toisc ruathar a dhein sé ar bhearaic an RIC in Gowran i 1921. Scaoileadh amach é nuair a síníodh an Conradh, ach chaith sé an cuid eile dá shaol i ngéibhinn ag rialtas Chumann na nGaedhael.

Agus Peggy, a dheirfiúr, a gabhadh ag arm an tSaorStáit i 1923 i mBleá Cliath. Kate abhí fíorghníomhach i gCumann na mBan i gCill Choinnigh, agus Máirtín a gabhadh ag arm an tSaorStáit i 1923, a d'imigh ar stailc ocrais, abhí ina rúnaí ar Chumann Fhianna Fáil in Paulstown agus ina Theachta Dála ina dhiaidh san.

Agus Mick Dwyer, uncail liom, abhí mar theachtaire ag Mick Collins i Londain.

Cothromaíocht na Féinne faoi dheireadh.



2 comments:

Anonymous said...

De réir deallraimh bhí tuairims 40% den arm Shasanach Éireannach tráth (timpeall 1837). An bochtanas a bhí mar sairsint earcaíochta an tabhachtach ag an am sin. Ní dóigh liom go raibh mórán clann in Éirinn nach raibh baint éigin ag duine den chlann le fórsaí an Rí nó na bainríona. Bhí beirt uncail liom féin san chéad cogadh domhanda ...ach mairnéalaigh a bhí ionta a brúdh isteach san Royal Navy nuair a tharla an cogadh.

Póló said...

Ceart agat.

Bhí sé náireach an bealach ar caitheadh leis na daoine seo go dtí le déanaí.

Fimíneacht den scoth abhí ann.