Monday, May 12, 2008

Striapachas Cánach


Creat an Tíogair Cheiltigh ag éag
sa Cheobhrán Cheilteach

Bíonn sé suimiúl amannta na cúiseanna a chuirtear i leith rath an Tíogair Cheiltigh. Ceann acu isea an ráta íseal cánach in Éirinn. Maith go leor. Ach tá dhá ghné de seo gur fiú iad a luadh.

Sa chéad áit is tír bheag í Éire. Má éiríonn léí fiú céatadán an bheag de bhonn cánach an AE a tharraingt chuici féin, trí chomhlachtaí breise a mhealladh isteach sa tír, is ionann seo agus méadú mór sa teacht isteach cánach. Bíonn sé ar a cumas ansan íoc as ard leibhéal seirbhísí poiblí. Ar an mbealach seo tig linn ráta íseal cánach a bheith againn agus soláthar réasúnta ard seirbhísí poiblí ag an am gceanna.

Dá ndéanfadh ceann de na tíortha móra amhlaidh bheadh orthu a gcuid seirbhísí poiblí a laghdú cuid maith toisc go mbeadh titim suntasach san teacht isteach ón gcáin chéanna ainneoin comhluchtaí breise a mhealladh isteach. Is ceist scála í seo.

Ar an mbealach seo táimíd ag goid ónár gcomharsain. Ach caithfidh siad cur suas leis toisc go n-aithníonn siad siúd ár fhlaitheas náisiúnta. Ar bhealach, táimíd ag díol an fhlaithis seo leis na mórchomhlachtaí agus sin é an fáth go n-úsáidim an focal striapachas.

Sa dara háit tá brí eile le ceilteach, áfach, agus baineann seo le rudaí a cheilt nó iad a choinneáil faoi rún. Áis eile é seo a chuirimíd ar fáil do na comhlachtaí céanna.


Íospartaigh an Ghorta Mhóir
os comhair an IFSC


Tá tuarascáil foilsithe le déanaí ag Christian Aid ag iarraidh ar rialtas na hÉireann (agus ar rialtas na Breataine, chomh fada is a bhaineann sé le ceantar airgeadais Londain) éirí as na cleasanna seo mar go bhfuil siad ag cur bac ar fhorbairt gheilleagrach na dtíortha bochta.

Pé dóchas abhí ann go ndéanfaí a leithéid agus an geilleagar ag fás ar nós an diabhail, is beag seans atá ann anois agus an geilleagar céanna ag titim as a chéile (nó ag maolú luas a fháis, mar a deirfeadh an leagan oifigiúil).

A Dhia déan trócaire orainn.


6 comments:

Anonymous said...

Ná bí am' chrá a bhlogaire,
Táim gabhtha ag diúgadh an chnagaire!

Anonymous said...

Is dá réir sin a Phóil,
Is tú 'bhéas dearóil,
Agus mise, anaithnid, im shnagaire.

Anonymous said...

Ní hionann anaithnid dúinn!

Ach tá Luimneach ábhardha mar sin féin.

Anonymous said...

I loved this my first blog visit. Made me realise how rusty my Irish is. Shame! The piece on place names rang a lot of bells and I heartily agree. Our public authorities have done our native language a great disservice.

Beir bua.

Póló said...

Feicim go bhfuil an Pápa anois sa tóir ar na tearmainn chánach.

Póló said...

Tá sé ag éirí níos soiléire in aghaidh an lae, an dlúthghaol idir cheilt agus Cheilteach.

Mo thrua.