Friday, May 30, 2008

Deas, níos Deise


Tá fhios agam go bhfuil mórán de mhuintir na cathrach gafa leis an Taobh ó Dheas, taobh na galántachta, i gcomparáid leis an Taobh ó Thuaidh, an leataoibh.

Ach bheinn ag súil le níos mó tuisceana ó Bhórd Forbartha Chathair Bhaile Átha Cliath (thuas).

Ní hí seo an chéad uair dom a leithéid a fheiscint.

Seo comhartha abhí ar Thimpeallán Bhóthair Sheáin Uí Mhórdha go dtí le déanaí.



Southside - Land of Opportunity.
Ab ea?

13 comments:

aonghus said...

Ní thuigim, a Phólo.

Ar an gcéad dul síos, nach bhfuil na pictiúr uilig sin ar an taobh ó thuaidh den Life?

Ar an dara dul síos, nach deiseanna an uimhir iolra cruinn ar deis?

Nó an bhfuil mionphointe gramadaí ag dul thar m'eolas anseo?

Maidir leis an bhfógra eile, níl ann ach go bhfuil ponc in easnamh - Deis(ceart) na Cathrach.

Póló said...

Lán cheart agat,a Aonghuis.

Imeartas focal abhí ar bun agam.

Bhí mé ag leath-bhligeardaíocht.

Bím de shíor ag tabhairt amach faoi chúrsaí Tuaisceart/Deisceart na Cathrach.

Féach anseo freisin.

Anonymous said...

'Ponc in easnamh' 'Aonghuis?

Níl fhios agama cén brí atá le "deis na cathrach" más treo atá i gceist. Tá na mílte samplaí dén sórt ráiméis seo ar fud na tíre. B'fhearr iad a cheartú nó iad a leagan.

Anonymous said...

Spéaclaí de dhíth a Phóló!

Tá an Luas seo suite ar an taobh ó dheas agus é ag dul i dtreo Áth an Ghainnimh.

Seachain an mionta pollta.

Anonymous said...

Síle,

Arbh fhéidir gur gigs a bhí i gceist?

:)

Anonymous said...

Aonghus,
Sa tseans go mbíonn tú ar ais: bhfuil fhios agat nach féidir aon "léarmhas" a fhágail ar do bhlag fhéin inniu, mar níl an "word verification" ag obair/le feiscint.

Anonymous said...

Seachan do shrón, a mhic. Ní haon gig mise.

Agus táim thar a bheith níos áilne ná an weirdo seo! .

Póló said...

GOA!

Anonymous said...

Mea culpa, "léirmheas"!

aonghus said...

A Shíle,

Mar a dúirt me thuas "Deis(ceart) na Cathrach" is ceart a bheith ann. Bheadh "Deis." inglactha mar ghiorrúchán ar sin, dar liom.

Maidir le mo bhlag, ní fheicimse fadhb ar bith - ach níl smacht agamsa ar an stuif sin - blogger a chuireann ar fáil é. Is dócha gur fabht sealadach a bhí ann.

Anonymous said...

A Phóló,

Tá an "visual verification" ag obair in IE7 agus Netscape. Níl sé ag obair in Firefox -- an default agamsa. Scríobhfaidh mé chuig Blogger Support -- tá an rud céanna ag tarlúint le mo chuid blaganna fhéin.

'Aonghais,

Ní aontaím leat faoi "Deis." a bheith inglactha mar ghiorrúchán -- tá brí eile leis an bhfocal after all. Agus tá "deis" (gan phonc) in usáid ar fud na tíre, ní ar chomhartha amháin. Tá an scéal ar fad faoi chomharthaí dhátheangacha náireach. Níl comhsheasmhacht dá laghad ag baint leo. Is sólás beag é nach dtuigeann turasóirí iad, ná an ráiméis atá ar thaispeáint orthu.

Póló said...

A Shíle na Giggles,

Weirdo ceart gan dabht!

Maidir le "visual verification" tá sé ag obair domsa le Firefox 2.0.0.14, mo bhrabhsálaí réamhshocraithe ("default browser", de réir focal.ie). Ag an am gcéanna bíonn Blogger ait uaireanta.

Maidir leis na comharthaí tá ceist ainmniú sráideanna agus na comharthaí a ghabhann le seo as alt thar chuimse.

Anonymous said...

Dhá rud le rá ag eachtrannach mar mé féin ag tabhairt strac-fhéachaint timpeall ó ham go céile:
Ar a chuid des na comharthaí tá botúin uafásacha ó thaobh gramadaí dhe....cheapfá go ndéanfaidís iarracht labhairt le daoine cáilithe roimré.

Is léir gur deineadh dearmad ar thuaisceart na cathrach ó thaobh infheistíochta dhe ar feadh i bhfad.Agus anois le Bertie imithe go dtí na rásanna, an ndéanfaidh Biffo an scéal a chothromú ?