Tuesday, May 13, 2008

CNAG ina chodladh

Nuair a smaoinigh mé ar an dteideal cnagaire don bhlag seo, ní raibh mé ag súil go mbeadh sé ar fáil. Mheas mé go mbeadh sé gafa le fada ag an gConradh. Nach cineál logo é an CnaG féin acu.

Divil a bit.

Ansin d'imigh mé ag cuardach an suíomh gréasáin acu, agus céard a fuaireas? Seo.

Go bhfóire Dia ar ghluaiseacht na gaeilge mar níl ann ach É.


5 comments:

Anonymous said...

Féach anois é ag www.cnag.ie .

CnaG ina dhúiseacht faoi dheire.

Anonymous said...

Tá vótáil ar siúl acu maidir leis an suíomh nua. Rogha amháin ná:

"Ní chím aon difríocht"

http://www.cnag.ie/

Ní haon chainteoir dúchais mise, ach nuair a bhíos ar scoil, ní fhéadfaí "Ní chím" a rá. Ná habair liom go bhfuil sin caighdeánach anois!?

Anonymous said...

A Mháire Uí,

Cinnte nach bhfuil sé caighdeánach. B'fhéidir gur Ciarraíoch atá sé agus níorbh dream caighdeánach iad siúd ariamh.

Póló said...

Feicim go bhfuil Uim. 6 á dhíol ag CNAG.

Ní raibh fhios agam gurbh anseo a bunaíodh Coláiste Mhuire agus an Roinn Airgeadais féin.

Beidh mé ag lorg mo scair féin den bhrabús. :)

Anonymous said...

Céard faoin Chlub agus an Siopa Leabhar. Áiseanna suntasacha iad seo i lár na cathrach.

Ach is dócha go bhfuil an Club tréigthe ag a bfurmhór le fada an lá. Ní fheadar mé cén fáth. Easpa margaíochta is dóichí.