Sunday, March 16, 2008

An Sceachín i mBéal Bearna

Tá sé anois cúig bliana ó thug an Sceachín Aoibhinn ruathar faoin Iaráic agus é ag gníomhú, dar leis féin, ar son na sibhialtachta. Féach an méis a rinne sé in ár n-ainm.

Tamall gairid roimh dó seo a dhéanamh bhí léirsithe móra ar fud an domhain ag cur ina choinne. Bhí thart ar 30 milliún duine ar na sráideanna. Bhí léirsiú mór i mBleá Cliath leis. Bhí idir dóchas agus éadóchas i gCearnóg Pharnell an lá sin. Ach bhí slua mór ann agus iad glórach go maith.

Ní fhaca mé ach an t-aon phóstaer i nGaeilge agus bhí sé sin bog béasach nó an searbhas abhí i gceist.

Bhí léirsiú eile ann inné. Ní raibh ach thart ar 400-500 duine air agus iad uilig fliuch báite. Bhí cuma na tuirse ortha agus gan mórán dóchas acu go bhféadfaí aon fheabhas a chur ar chúrsaí. Tá an damáiste déanta agus an domhan ina chíréip ag an Sceachín Aobhinn. Tá an foréigean imithe i dtreise sa Mheán Oirthear agus é á scaipeadh ar na ceithre hairde mar fhreagra ar shainnt na bPoncán agus a gcáirde.

Arís ní raibh ach an t-aon fhógra as Gaeilge.

An amhlaidh nach bhfuil suim ag muintir na Gaeilge ach i gcúis na Gaeilge féin?

Caithfear a rá, mar sin féin, go raibh Micheal D ann agus é dílis don dá chúis i gcónaí.

No comments: